← Is mairg a thaobhódh lena chomhairle. 🔊✎
← Shuigh mé ansin go stuama, smaointeach, amhail is dá mbeadh gach focal dá chuid ag gabháil i gcion orm. 🔊✎
← Is cosúil gur chuir bean an tí leid ina chluas go raibh an fear istigh do mo dhéanamh go dtí an dá shúil. 🔊✎
← "Tabharfaidh mé suim airgid duit anois," arsa mise go saonta, amhail is dá mbeadh muinín iomlán agam as. 🔊✎
← Is fuath liom an míchothrom a dhéanamh le duine ar bith ach d'fhóir sé i gceart don chneámhaire seo. 🔊✎
← Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊